zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
08 July 2026
Andy Caomhánach Fear na Ríomhairí.
Inniu tá sé ag ceistiú an bhfuil deireadh ag teacht leis na Meán Fisiciúil Mar is Eol Dúinn Iad agus tuairiscí ann go bhféadfadh an chéad PlayStation agus Xbox eile teacht gan tiomántán diosca ar bith agus bhí sé ag rá go léiríonn figiúirí nua ón CSO gur úsáid ionaid sonraí 23% de leictreachas méadaithe na hÉireann in 2025.
9 min
08 July 2026
Cartlann na Céadaoine.
Inniu téann muid siar go dtí an bhliain 1986 nuair a labhair Timlín Ó Cearnaigh le Danny McQuillan as Port an Dúnáin, dhá lá roimh mhórshiúlta an dara lá déag. Chuir Timlín ceist air ar tús c’fhad é ina chónaí i bPort an Dúnáin.
8 min
08 July 2026
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
5 min
08 July 2026
Brianna Ní Fhíoruisce dalta ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus Aisling Mhic Cumhaill Oifigeach Oideachais & Oiliúna le hÚdaras na Gaeltachta.
Tá “Cuan”, teidí a rinne daltaí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair a fhorbairt agus a fuair an chéad áit sa Chraobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta anois ag déanamh ionadaíochta don tír seo ag an Chomórtas Domhanda i Riga i Latvia.
8 min
08 July 2026
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
Tá an chuma air go mbeidh Oifig an Phoist in Anagaire ag druid ag deireadh na míosa seo. Tá an té atá i mbun na hoifige faoi láthair ag éirí as agus go dtí seo níl duine ar bith úr ar fáil leis an tseirbhís a reáchtáil. Rinne an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh an cheist a ardú sa Dáil inné agus labhair sé linn inniu faoin scéal seo.
10 min
07 July 2026
Damien Ó Dónaill ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
07 July 2026
An Sáirsint John Joe Mac Laifeartaigh ó Stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach.
Labhair sé faoin fhiosrúchan atá ar bun acu maidir leis an taisme tragóideach a tharla i mBun Cranncha, rinneadh iarracht dhá charr a ghoid i gceantar Leitir Ceanainn ar an Chéadaoin seo a chuaigh thart ag dhá láthair difriúil agus thug sé comhairle don phobal maidir le cúrsaí sábháilteachta le linn na haimsire te atá tuartha.
7 min
07 July 2026
Uasdátú maidir le hÓstán Radharc na Mara agus Óstán Ghaoth Dobhair.
An scéal is deireanaí a fhail maidir leis na forbairtí ag Óstán Radharc na Mara agus Óstán Ghaoth Dobhair.
5 min
07 July 2026
Róise Ní Laifeartaigh Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall.
Bhí ócáid speisialta ar siúl in Áras na Contae i Leifear ar maidin áit ar bronnadh scoláireachtaí ar bhaill foirne Chomhairle Contae Dhún na nGall le freastal ar chúrsaí Gaeltachta.
7 min
06 July 2026
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra an lae ón taobh seo tíre.
4 min